Commissioning
Babhta Oscailte do Thograí Cómhaoinithe 2026
UPDATED: 02/03/26
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais do thograí cómhaonithe le craoladh ar TG4. Ní mhór a léiriú go mbeidh ábhair agus seánra na dtograí in oiriúint do sceideal agus lucht féachana éagsúla TG4. Táimid ag lorg smaointe a chuireann súil eile TG4 chun cinn, atá ag teacht le spriocanna cláir agus straitéise TG4 agus atá dírithe ar an lucht féachana atá againn sa Ghaeltacht, ar fud na tíre agus ar fud na cruinne.
Ní mór eolas a thabhairt san iarratas faoin údar a bhfuil tacaíocht TG4 ag teastáil. Beidh eolas faoi na cistí cómhaoinithe eile atá páirteach sa togra, na céatadáin mhaoinithe atá geallta agus an sciar maoinithe atá á lorg ó TG4 ag teastáil freisin.
Ní mór gurb é TG4 a bheadh ina chraoltóir eisiach in Éirinn d’aon smaoineamh atá á mholadh.
Is riachtanas de chuid TG4 é go mbeadh eolas ag comhlacht ar bith a mbronntar coimisiúnú air ar Chaighdeáin agus Treoirlínte Iriseoireachta Chláir TG4, Polasaí Comhlíontachta TG4 agus na hoibleagáidí reachtúla agus rialála atá i gceist faoin Acht Craolacháin 2009 chomh maith le heolas a bheith acu ar Chóid agus Rialacha ábhartha Choimisiún na Meán (CnaM.ie).
Sula ndéantar iarratas:
- Léigh Spriocanna Straitéiseacha TG4: (Lch 6) agus léirigh go soiléir an chaoi a dtacaíonn do mholadh le straitéis TG4.
- Lucht Féachana: Luaigh go soiléir an lucht féachana ar a bhfuil do mholadh dírithe. (Páistí, aoisghrúpa 15-35, 34-54, 55+)
Príomhphointí
Ba chóir d’iarratasóirí:
- Tuiscint láidir a bheith acu ar sceideal agus lucht féachana TG4.
- Déanfar gearrliosta bunaithe ar éagsúlacht an smaoinimh, riachtanais sceidealaithe agus tosaíochtaí straitéiseacha TG4. Beidh an gearrliosta curtha i gcrích roimh an 16/04/2026
- Má roghnaítear d’iarratas, déanfaidh an tEagarthóir Coimisiúnaithe teagmháil leat faoi na chéad chéimeanna eile agus faoi iarratas foirmeálta a dhéanamh.
- Moltar machnamh a dhéanamh ar sheánraí nó ábhar nach bhfuil ag TG4 faoi láthair a d’oirfeadh do spriocanna straitéiseacha agus sceideal TG4.
- Pléifear cearta ag an gcéad chéim eile den phróiséas má éiríonn leis an iarratas dul ar aghaidh chuig an ngearrliosta.
Tábhachtach:
Níor cheart tograí a diúltaíodh roimhe seo a chur isteach arís gan na hathruithe a moladh a dhéanamh in aiseolas TG4 a bheith déanta orthu ar dtús.
Riachtanais Iarratais:
- Ní mór an t- iarratas a líonadh isteach ar shuíomh eCoimisiún TG4.
- Ní mór plean airgeadais agus liosta de na maoinitheoirí eile a bheith leis an iarratas agus an céatadán maoinithe atá gach maoinitheoir ag cur ar fáil chomh maith le cur síos ar an méid atá á lorg ó TG4.
Cuir san áireamh:
- Cur síos ar an smaoineamh agus ar an gcur chuige cruthaitheach
- Amlíne léiriúcháin – ní mhór a chinntiú go mbeidh an togra ar fáil le craoladh ar TG4 roimh 2028.
- Foireann agus taithí
- Léiriú ar an gcaoi a bhfuil an togra ag teacht le súil eile agus straitéis TG4
- Sprioclucht féachana
- Cur chuige eagarthóireachta teangeolaíoch don léiriú – ní mór an cur chuige atáthar a úsáid sa chlár / sa tsraith chun an Ghaeilge agus caighdeán agus saibhreas na Gaeilge a chinntiú
Gearrliostú: Má chuirtear do thogra ar ghearrliosta, déanfar teagmháil leat ar ríomhphost an 16 Aibreán 2026.
Ábhar Ilardáin: Beidh TG4 ag súil go mbeifear in ann roinnt ábhair a chur ar fáil ar ardáin éagsúla. Ní mór a mheas an bhfuil an t-ábhar oiriúnach do na hardáin dhigiteacha mar chuid de do chur chuige ach ní gá go mbeadh gach smaoineamh in oiriúint do na hardáin dhigiteacha.
Tacaíocht: Beidh eagarthóirí coimisiúnaithe TG4 ar fáil le haghaidh cruinnithe le léiritheoirí a bhfuil suim acu sa bhabhta seo. Is féidir ceisteanna a chur ar aghaidh nó plé tosaigh a eagrú ach teagmháil a dhéanamh le: maryellen.ni.chualain@tg4.ie nó Julieann.ni.fhatharta@tg4.ie.
Seánraí Incháilithe
Siamsaíocht: Táimid ag lorg smaointe nua dána, siamsúla a chuirfidh daoine ag caint. Ba mhaith le TG4 coimisiúnú a dhéanamh ar shraitheanna siamsaíochta a bhriseann an múnla; siamsaíocht fhíorasach, teaghlaigh, greann agus a thagann le ‘súil eile’ TG4.
Fíorasach: Ón stair a mhúnlaigh muid go dtí saincheisteanna an lae inniu, táimid ag lorg cláir agus sraitheanna faisnéise a spreagann, a chuireann eolas ar fáil agus a chuireann ag smaoineamh muid. Táimid ag lorg smaointe nua do réimse leathan clár faisnéise — ábhar staire, comhaimseartha, reatha agus gach rud idir eatarthu.
Ceol: Táimid ag lorg smaointe nua do chláir cheoil idir cheolchoirmeacha, ócáidí, shiamsaíocht cheoil agus cheol beo a luíonn go smior le ‘súil eile’ TG4 agus a spreagfaidh an lucht féachana.
Ealaíon agus Cultúr: Táimid ag lorg clár ealaíon agus cultúir ina dtugtar dearcaí nua, ina dtugtar ardán d’ealaíontóirí agus do lucht cruthaitheacha, agus ina dtugtar faoi chur chuige nuálacha, ealaíonta agus cruthaitheach i leith na físiúlachta, na scéalaíochta agus an léirithe.
Ó chleachtais chruthaitheacha chomhaimseartha go scéalta mealltacha cultúir, táimid ag lorg smaointe teilifíse a mheallann, a spreagann, agus a thugann ardán do ghlórtha nach dtugtar aird orthu go minic.
Cláir aonair nó sraitheanna don phríomham féachana atá á lorg.
Nóta: Ní dhéanfar iarratais nach gcomhlíonann na riachtanais thuas a mheas.
Eolas Eile d’Iarrthóirí
Ní mór gach togra a chur ar aghaidh go leictreonach chuig TG4. Ní mór do chomhlachtaí léiriúcháin a chinntiú ar dtús go bhfuil siad cláraithe ar ár gcóras eCoimisiúin https://ecoimisiuin.tg4.ie/
Ní mór iarratais a dhéanamh roimh an spriocam agus iad a chur ar aghaidh trí ‘Babhta Oscailte do Thograí Cómhaoinithe 2026’ a roghnú ón roghchlár anuas. Cuirfear in iúl duit, go huathoibríoch, nuair a bheidh do thogra curtha ar aghaidh. Ní ghlacfar le tograí nuair a bheidh an spriocdháta deiridh molta caite.
Is féidir ceist ar bith faoin mbabhta seo agus faoi oiriúnacht an tionscadail a sheoladh chuig Julieann.ni.fhatharta@tg4.ie.
Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.
Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle i bpraghas, ná le haon iarratas.
Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach a bheith agat ó na Coimisinéirí Ioncaim.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon fhaisnéis íogair (más ann di) agus an chúis go bhfuil an fhaisnéis sin íogair a lua. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 faisnéis a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur faisnéis íogair í agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4.
Ní ann d’aon chineál ceangail – conradh ná aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.