Skip to main content
< back to TG4.ie

Commissioning Round for Ciste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) Summer 2025

PUBLISHED: 16/01/26

Application Closing Date –
16:00 Monday, 16th June 2025

Cuireann Foghlaim TG4 agus Cúla4 fáilte roimh iarratais le haghaidh ábhar oideachais don bhabhta Ábhar Digiteach & Fuaime, Samhradh 2025, den Chiste Craoltóireachta Gaeilge.
Critéir nach mór a bheith i d’iarratas chuig TG4:
 Sa bhabhta coimisiúnaithe seo roghnófar tograí le cur ar aghaidh lena mbreithniú do thacaíocht faoin gcéad bhabhta eile den Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF).
 Ná cuir ar aghaidh ach tionscadail atá incháilithe faoin scéim.
Ní mór gach iarratas ar choimisiúnú teacht chugainn tríd an gcóras ríomh-choimisiúnaithe mar cheangaltán PDF agus an buiséad mar cheangaltán Excel. Ní dhéanfar iarratas nach bhfuil buiséad leis a mheas.

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh san iarratas:

  • Achoimre chruthaitheach ar an gclár nó ar an tsraith
  • Buiséad iomlán – Teimpléad Buiséad ILBF
  • Léiritheoir & Stiúrthóir tugtha mar aon leis an bpríomhfhoireann taobh thiar den
    cheamara
  • Comhairleoir Oideachais ainmnithe mar chuid den fhoireann fá choinne ábhair Foghlaim