Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Imní faoin 'tús áite' atá an Rialtas a thabhairt don oirthear

02 MARCH 2026, 14:54

Aerfort Chnoc Mhuire i gCo Mhaigh Eo
Twitter Facebook

Tá an Rialtas cáinte go láidir ag Comhlachas Tráchtála na Gaillimhe faoin tús áite eacnamaíochta a deir siad atáthar a thabhairt d'Aerfort Bhaile Átha Cliath agus faoin neamhshuim a deir siad atáthar a dhéanamh d'Aerfort Chnoc Mhuire agus d'Aerfort na Sionainne.

Is é an bille nua maidir leis an líon paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath atá ag déanamh scime do lucht tráchtála na Gaillimhe.

De réir na reachtaíochta nua, cuirfear deireadh leis an teorainn atá leis an líon paisinéirí ag an aerfort sin agus creideann daoine san iarthar go bhfágfar na haerfoirt idirnáisiúnta eile in áit na leathphingine dá thoradh.

Má thugann tuilleadh paisinéirí a n-aghaidh ar Aerfort Bhaile Átha Cliath seachas ar aerfoirt san iarthar, is follas go mbeidh gnóthais agus geilleagar an iarthair thíos leis, a deir Comhlachas Tráchtála na Gaillimhe.

Cothóidh sin, dar leo, tuilleadh éagothroime eacnamaíochta fós idir Baile Átha Cliath agus na réigiúin.

In aighneacht atá curtha faoi bhráid Chomhchoiste Iompair an Oireachtais acu, deir na Gaillimhigh nach mór straitéis náisiúnta eitleoireachta a chur i dtoll a chéile mar dhlúthchuid den phlean le haghaidh Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Cáintear an Rialtas san aighneacht faoi chumhachtaí eisceachtúla a thabhairt don Aire Iompair i riocht agus go bhféadfaidh sé coinníollacha pleanála a athrú ar son Aerfort Bhaile Átha Cliath, ach gan an beart céanna a dhéanamh ar son forbairtí tábhachtacha san iarthar – Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe, cuir i gcás

Labhraíonn Comhlachas Tráchtála na Gaillimhe ar son 500 gnóthas a bhfuil 30,000 duine fostaithe acu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ