Tá fórsaí aeir Mheiriceá agus Iosrael ag leanúint den bhuamáil atá siad a dhéanamh ar ionaid éagsúla san Iaráin le dhá lá.
Tuairiscítear go bhfuil os cionn 550 duine maraithe sna hionsaithe go dtí seo, tuairim is 160 acu i scoil do chailíní, a deirtear, gar do bhunáit mhíleata i gcathair Minab ar chósta theas na hIaráine.
Áirítear i measc na marbh freisin an tAyatollah Ali Khamenei, ceannaire uachtarach na hIaráine. Ní hionann é agus uachtarán polaitíochta na hIaráine, Masoud Pezeshkian, a chreidtear atá fós ina bheatha.
Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe tráthnóna inniu go mb'fhéidir go leanfadh an bhuamáil "níos mó ná ceithre nó cúig seachtaine".
Dealraíonn sé go bhfuil go leor de na buamaí á ndíriú ar dheisceart na hIaráine, an ball is boige den tír ós é is gaire do loingeas aerárthach Mheiriceá atá suite i Murascaill na Peirse.
Mar sin féin, níl aon áit sábháilte – theas ná thuaidh – agus dar le Corrán Dearg na hIaráine gur buamáladh 131 cathair ar fud na tíre le dhá lá.
Tá na hIaránaigh iad féin ag radadh diúracán as éadan i ngach treo ó buaileadh an chéad bhuille orthu ar an Satharn.
Tuairiscítear go raibh pléascanna ar maidin i gCuáit; in Dubai agus in Abú Daibí in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha; in Doha i gCatar; i mBairéin; agus in Erbil i dtuaisceart na hIaráice.
Tá bunáiteanna míleata ag na Meiriceánaigh sna tíortha Arabacha sin ar fad, a bhfuil faltanas seanbhunaiithe idir iad agus an Iaráin.
Bhí pléascanna in Iarúsailéim ar maidin inniu freisin.
Sa Liobáin, deir na húdaráis gur maraíodh 52 duine ar a laghad nuair a bhuamáil fórsaí Iosrael ionaid i ndeisceart na tíre sin agus sa phríomhchathair, Béiriút, i gcaitheamh na hoíche.
Deir na hIosraelaigh gur dírithe ar lucht Hezbollah a bhí na ruathair ó scaoil an eagraíocht sin roicéid le háiteanna in Iosrael inné.
Cor eile sa scéal anois an Bhreatain a bheith imithe i bpáirt leis na Meiriceánaigh i bhfianaise, a deirtear, ionsaithe na hIaráine ar na tíortha Arabacha, mar a bhfuil a lán saoránach de chuid na Breataine ina gcónaí.
Tá cead tugtha ag Rialtas na Breataine d'fhórsaí Mheiriceá leas a bhaint as bunáiteanna aeir sa Bhreatain agus iad ar a mbealach chun na Murascaille.
"Is ar chúinsí cosanta atáimid le páirt a ghlacadh sna hionsaithe ar an Iaráin", arsa Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine Yvette Cooper, "cé gurbh fhearr linn i bhfad réiteach taidhleoireachta".
Tuairiscítear go ndearnadh ionsaí dróin ar bhunáit mhíleata leis an mBreatain sa Chipir ar maidin inniu.
Tá a lán saoránach de chuid na hÉireann freisin ina gcónaí i dtíortha na Murascaille agus tá comhairle curtha ag an Aire Stáit Thomas Byrne orthu clárú le suíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha leis an bhfaisnéis is deireanaí a fháil.
Agus eitiltí as na tíortha sin curtha ar ceal chomhairligh Thomas Byrne d'Éireannaigh gan dul i nguais agus gan iarracht a thabhairt ar an réigiún a fhágáil ar thalamh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


