Tá praghas ola agus gáis ar na margaí idirnáisiúnta ardaithe go suntasach ó thosaigh Meiriceá agus Iosrael ag buamáil na hIaráine arú inné.
Ardú de 13% a tháinig ar phraghas amhola Brent ar maidin inniu, slat tomhais is iontaofa an mhargaidh, ach thit sin siar go dtí 8.3% tráthnóna.
$78.92 a bhí ar bhairille Brent tráthnóna, sin ardú de $6.05 ó thosaigh an bhuamáil – agus an aisbhuamáil go deimhin.
Tuaradh inné gur ag teannadh le $100 a bheadh sé nuair d'oscail na margaí ar maidin, ach níor tharla sin fós.
Ní fios fós cén scrios go baileach atá déanta ag na Meiriceánaigh agus na hIosraelaigh ar bhonneagar ola na hIaráine ach ní foláir nó gur mór an ghríosach í.
Tuairiscítear gur bhuail drón ón Iaráin an scaglann ola is mó san Araib Shádach agus gur dúnadh an áit dá bharr.
Deirtear go bhfuil thart ar 150 long i dteannta i gCaolas Hormuz idir an Iaráin agus Óman, tancaeir ola ina measc, agus gan tuairim ag aon duine cathain a sheolfaidh siad arís.
Is tríd an muinceann uisce sin a sheachadtar an cúigiú cuid de sholáthairtí ola an domhain agus an cúigiú cuid de ghás leachtaithe an domhain ach aon lá.
Dá dtiocfadh ardú as miosúr ar phraghas na hola, más ea, bheadh iarmhairtí nach beag ann don gheilleagar domhanda gan aon agó.
Agus Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ag iarraidh vótálaithe a mhealladh roimh na toghcháin mheántéarma sa tír sin i gceann ocht mí, is cosúil gur i bhfiontar a chuaigh sé nuair a d'ordaigh sé an Iaráin a ionsaí.
Tar éis an tsaoil, cá bhfios nach olc a chuir sé ar an gcuid sin dá lucht tacaíochta nach maith leo lámh a bheith ag Meiriceá i gcorraíl idirnáisiúnta, go háirithe nuair is iad féin atá caillteach leis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


