Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Níl an réabadh san Iaráin ach ina thús' – Trump, Rubio

03 MARCH 2026, 10:30

Cuid den scrios atá déanta ag na buamaí i gcroílár phríomhchathair na hIaráine, Tehran, 3 Márta 2026
Twitter Facebook

Tá tuilleadh ionsaithe aeir déanta ag fórsaí míleata Iosrael ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, agus ar phríomhchathair na Liobáine, Béiriút, ar maidin inniu.

Scaoileadh na frasa diúracán le ceantair faoi leith sa dá chathair sin agus maíonn na hIosraelaigh gur dírithe ar ionaid mhíleata a bhí na buamaí.

Deir siad freisin gur buaileadh oifig Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, in Tehran ach níl aon tuairisc ar an bhfear féin.

Pé ar bith é, léiríonn na híomhánna is deireanaí ó Tehran agus ó Bhéiriút araon go bhfuil an dá áit plúchta ag dúdheatach tiubh atá ag leathadh ar a bhfud.

Is i gcomhar leis na Meiriceánaigh agus as a gconlán féin atá na hIosraelaigh ag buamáil na hIaráine le trí lá.

Dealraíonn sé nach bhfuil an marú agus an réabadh ach ina dtús i bhfianaise a bhfuil tugtha le fios ag na Meiriceánaigh.

Inné, bhagair Rúnaí Stáit Mheiriceá Marco Rubio go raibh "na buillí ba throime [ar an Iaráin] fós le teacht".

Ag déanamh athrá a bhí sé sa mhéid sin ar a ndúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump níos túisce.

Smoke rises from Israeli bombardment
Deatach ag éirí as baile Choukine i ndeisceart na Liobáin tar éis d'fhórsaí Iosrael an áit a bhuamáil inniu

Ar maidin inniu, d'fhógair na hIosraelaigh go raibh tuilleadh saighdiúirí curtha thar teorainn isteach i ndeisceart na Liobáine acu, mar a bhfuil saighdiúirí na hÉireann ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe.

Tá saighdiúirí Iosrael bunaithe i gcúig áit i ndeisceart na Liobáine ó mhí na Samhna 2024 agus é mar aidhm acu, a deir siad, smacht a choinneáil ar Hezbollah, eagraíocht a dtacaíonn an Iaráin leis.

Deir Hezbollah gur bhuail diúracáin a scaoil siad uathu bunáiteanna leis na hIosraelaigh in Ardáin Ghóláin sa tSiria agus i dtuaisceart Iosrael.

Tá na hIaránaigh iad féin ag teilgean diúracán le hionaid i dtíortha comharsanachta, tíortha Arabacha atá fabhrach do Mheiriceá.

Tuairiscítear ar maidin inniu gur bhuail dhá dhrón Ambasáid na Stát Aonaithe i bpríomhchathair na hAraibe Sádaí, Riyadh, agus maíonn na hIaránaigh gur scrios ceann dá mbuamaí foirgneamh i mbunáit le hArm Mheiriceá i mBairéin.

Tá ionaid bhreosla in Óman agus i gCatar ionsaithe ag na hIaránaigh chomh maith.

Dúirt an Tánaiste Simon Harris go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas teacht i gcabhair ar shaoránaigh de chuid na hÉireann atá ina gcónaí sa Mheánoirthear nó atá ar cuairt ar an réigiún.

Tá praghas ola agus gáis ardaithe as cuimse ar na margaí idirnáisiúnta arís inniu mar gheall ar an réabadh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ