Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Ionadh ar Aire Rialtais gur éirigh Michael Healy-Rae as oifig'

15 APRIL 2026, 11:42

A chúl tugtha don Rialtas ag Michael Healy-Rae agus é ag féachaint i ndiaidh a leicinn
Twitter Facebook

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Norma Foley gur cuireadh ionadh uirthi nuair a d'fhógair an tAire Stáit Michael Healy-Rae i nDáil Éireann tráthnóna inné go raibh sé ag éirí as an Rialtas.

Dúirt Michael Healy-Rae go raibh sé ag éirí as oifig mar nach raibh dáimh ag an gComhaireacht leis an bpobal níos mó, dar leis.

Thug sé le fios gurbh iad na hagóidí faoi chostas breosla agus an chaoi ar láimhseáil an Rialtas iad, gurb iad ba shiocair lena chinneadh.

Níos deireanaí, vótáil sé in aghaidh rún muiníne sa Rialtas tar éis dó a rá nach bhféadfadh sé ina chroí istigh vótáil ar a shon.

Thug an Rialtas na cosa leo sa vóta, más ea. Mar a bhíothas ag súil leis, vótáil 92 Teachta Dála ar son an rúin agus 78 ina aghaidh.

Minister for Children Norma Foley speaking outside Government Buildings
Norma Foley

Ag labhairt di ar RTÉ, dúirt Norma Foley cé nach dea-scéala don Rialtas Michael Healy-Rae a bheith éirithe as oifig go bhfuil móramh sa Dáil acu i gcónaí.

Tharraing sí aird ar fhíseán a rinne Michael Healy-Rae arú inné inar mhaígh sé gur thoiligh sé tacú leis na beartais a thug an Rialtas isteach maidir leis an ngéarchéim breosla.

Bhí ionadh uirthi faoin athrú poirt an lá dar gcionn, arsa sí.

Ina ainneoin sin ar fad, a dúirt sí, caithfidh gach Teachta Dála a chomhairle féin a dhéanamh.

Fearacht Norma Foley, Teachta Dála i gCiarraí is ea Michael Healy-Rae. Fianna Fáileach atá intise, Neamhspleách is ea eisean.

Comhairleoir Neamhspleách i gCiarraí, Niall "Botty" O'Callaghan, dúirt sé ar RTÉ go raibh go leor daoine sa dáilcheantar ag tathant ar Michael Healy-Rae vótáil in aghaidh an Rialtais.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ