Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Breosla le saoirisiú de thoradh ciorruithe ar dhleachta

15 APRIL 2026, 09:20

Díosal, peitreal le saoirsiú de réir a chéile
Twitter Facebook

Tháinig feidhm ag meán oíche aréir leis na ciorruithe ar dhleachta breosla a d'fhógair an Rialtas an tseachtain seo caite agus ar vótáil Dáil Éireann ar a son inné.

Ciorrú de 10 cent an lítear ar dhíosal agus ar pheitreal araon atá i gceist, é sin ar mhuin ciorruithe eile a tugadh isteach an mhí seo caite.

Fágann an ciorrú is deireanaí go bhfuil 32 cent bainte de phraghas díosail agus 27 cent de phraghas peitril ó thosaigh praghsanna ag daoirsiú as cuimse i dtús na míosa seo caite.

Áirítear gur thart ar €2.04 a bheas ar lítear díosail ó inniu amach agus gur thart ar €1.81 a bheas ar lítear petiril.

Ar a shon sin is uile, ní bhainfidh cuid mhór den phobal brabach as an athrú go ceann roinnt laethanta fós, arae ní mór bealadh a chur faoin roth arís sula gcasfaidh sí deiseal.

Idir dhá linn, díolfar a bhfuil ann cheana den soláthar breosla ar an seanphraghas.

Ina cheann sin, tá an margadh ola luaineach i gcónaí mar gheall ar an gcorraíl sa Mheánoirthear agus gan coinne ag daoine ach leis an gcor gan choinne.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ