Tá an déantúsóir feistí leighis Boston Scientific le €75 milliún a infheistiú sa mhórionad atá ag an gcomhlacht i nGaillimh.
Cuirfear go mór le rannóg taighde agus forbartha an ionaid i mBaile an Bhriotaigh le sciar suntasach den airgead sin.
Tógfar saotharlanna úrnua ann le feistí leighis a dhearadh, a chruthú agus a phromhadh.
Cheana féin, tá cáil idirnáisiúnta ar Boston Scientific mar cheannródaí i dtaca le feistí cardashoithíocha de.
Tá an comhlacht Meiriceánach in Éirinn le 30 bliain agus tá barr ar 7,000 duine ag obair sna hionaid atá acu i nGaillimh, i gCorcaigh agus i gCluain Meala.
Táirgtear 30 milliún feiste leighis sna hionaid sin gach bliain.
Dúirt an tAire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton, arb as Gaillimh í, go léiríonn an infheistíocht úr go bhfuil an-mhuinín ag Boston Scientific as muintir an réigiúin agus as an mbonneagar atá ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


