Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

Costas maireachtála: freasúra ag deargadh ar an Rialtas

15 APRIL 2026, 16:41

Ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald
Twitter Facebook

I nDáil Éireann, chuir ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald i leith an Rialtais go raibh an saol á chur chun donais ar mhuintir na tíre acu.

Ina theannta sin, mhaígh Mary Lou McDonald nár chreid an pobal go raibh sé ar chumas an Rialtais dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála mar ba cheart.

Chas sí sotal agus neamhshuim leis an Rialtas chomh maith.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik nach raibh an Rialtas ag tacú le hoibrithe na tíre atá ag cargáil leis an gcostas maireachtála nach bhfuil ach ag géarú in aghaidh an lae, arsa sí.

Ivana Bacik speaking in the Dáil
Ivana Bacik, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre

D'fhreagair an Taoiseach Micheál Martin agus dúirt go raibh teaghlaigh go leor i gcruachás mar gheall ar ghéarchéimeanna éagsúla domhanda a tharla le roinnt blianta – an phaindéim Covid-19, an cogadh san Úcráin agus an chorraíl sa Mheánoirthear ina measc.

Dhaoirsigh breosla agus d'ardaigh ráta an bhoilscithe ar fud an domhain de bharr na ngéarchéimeanna sin ar fad, ceann i ndiaidh a chéile, arsa sé.

Ní hé an freasúra amháin atá ag caitheamh spallaí leis an Rialtas, áfach.

Fianna Fáil TDs James O'Connor, Ryan O'Meara and Albert Dolan.
James O'Connor, Ryan O'Meara, Albert Dolan

Triúr Teachtaí Dála is óige Fhianna Fáil – James O'Connor, Ryan O'Meara agus Albert Dolan – tá ráiteas eisithe acu ina n-iarrann siad ar Theachtaí Dála is sine an pháirtí aird níos fearr a thabhairt ar an bpobal, labhairt níos oscailte agus a bheith níos ceannasaí.

Ní ceart do chomhghleacaithe is sinsearaí, a deir an triúr sa ráiteas, iarraidh orainne leithscéal a dhéanamh ar son an Rialtais.

Níl aon ghlacadh againn leis an gcur chuige sin níos mó, ar siad.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

' />