Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Clár náisiúnta vacsaínithe do dhaoine fásta de dhíth'

15 APRIL 2026, 14:43

Dhá dháileog den vacsaín a theastaíonn le daoine a dhíonadh ar an ngalar deir
Twitter Facebook

Tá saineolaithe leighis ag iarraidh ar an Rialtas clár náisiúnta vacsaínithe a thabhairt isteach do dhaoine fásta, clár a bheadh cosúil leis an gceann atá ann cheana do leanaí.

Ag labhairt dó ag éisteacht de Choiste Sláinte an Oireachtais, dúirt an tOIlamh Ronan Collins ó Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann go bhfuil vacsaíniú ar an dul chun cinn is tábhachtaí a rinneadh i gcúrsaí leighis sa nua-aois.

Geiriatraí comhairleach agus saineolaí stróc is ea an tOIlamh Collins agus dúirt sé, cuir i gcás, gur cheart an vascaín deire a chur ar fáil saor in aisce do dhaoine os cionn 65 bliain d'aois.

Ionfhabhtú craicinn is ea deir arb í an deilgneach faoi deara é agus a dtagann gríos nimhneach ar dhaoine dá bharr.

Is féidir don tinneas dul in ainseal go mór.

Faoi láthair, áfach, níl an vacsaín ar fáil sa chóras sláinte poiblí agus ní mór d'othair dul i muinín an chórais phríobháidigh dá cheal sin.

Dhá dháileog a theastaíonn agus cosnaíonn siad €240 an ceann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ