Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

Donald Trump ag tuar deireadh sciobtha lena chogadh ar an Iaráin.

07 MAY 2026, 11:15

Tá Donald Trump ag déanamh mór is fiú arís is arís eile den tuairim go bhfuil socrú ar na bacáin
Twitter Facebook

Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ag tuar go mbeidh deireadh gasta leis an chogadh a thosaigh sé in éadan na hIaráine.

Tá údaráis Tehran ag déanamh a marana ar mholtaí Mheiriceá a chuirfeadh deireadh leis an chogadh ach a d'fhágfadh éilimh na Stát Aontaithe maidir le clár núicleach na hIaráine gan réiteach.

Dúirt urlabhraí ó aireacht gnóthaí eachtracha na hIaráine le háisíneacht nuachta ISNA san Iaráin go bhfuil ráite go gcuirfidh an Rialtas a dtuairim in iúl ach dúirt an polaiteoir Iaráineach Ebrahim Rezaei, ar urlabhraí é ar choiste cumhachtach slándála agus polasaí eachtrach na parlaiminte, gur ionann le "mianliosta Meiriceánach ná leis an saol mar atá" é an moladh atá déanta ag Washington.

"Is mian leo socrú a dhéanamh. Bhí cainteanna an-mhaithe againn le 24 uair a chloig agus tá seans láidir ann go ndéanfaidh muid socrú, " a dúirt Donald Trump le tuairisceoirí sa Teach Bán.

Dúirt sé go mbeadh an cogadh "thart go tapa."

Le tamall de sheachtainí tá an tUachtarán Trump ag déanamh mór is fiú arís is arís eile den chaint go bhfuil socrú ar na bacáin le deireadh a chur leis an chogadh a d'fhear sé féin agus Príomhaire Iosrael Benjamin Netanyahu ar an Iaráin ar an 28 Feabhra.

Motorists pass under a banner featuring a portrait of Mojtaba Khamenei, Iran's new Supreme Leader.
Deir urbhraí de chuid rialtas Tehran gur ionann le "mianliosta Meiriceánach ná leis an saol mar atá" é an moladh atá déanta ag Washington

Níl an dá thaobh ar aon fhocal ar cheisteanna éagsúla, ina measc pleananna núicleácha na hIaráine agus an smacht atá acu ar Chaolas Hormuz áit as a dtagann an cúigiú cuid de sholáthar gáis agus ola an domhain.

De réir foinsí atá gar do na cainteanna, tá an dá thaobh an-chóngarach de shocrú a dhéanamh le tús a chur le Caolas Hormuz a athoscailt, deireadh a chur le smachtbhannaí na Stát Aontaithe ar an Iaráin agus srianta a chur ar chlár núicleách na tíre sin.

Thit praghsanna ola inné chuig an leibhéal is ísle le coicís nuair a tuairiscíodh go raibh an dá thaobh gar de shocrú a dhéanamh; thig luachanna todhchaíochtaí amhola Brent 11% an bairille go dtí $98 an bairille uair amháin inné sular ardaigh sé arís os cionn an $100.

' />