Tá chuile chuma anois air gur ag Daniel Ennis, iarrthóir óna Daonlathaigh Shóisialacha a thabharfaidh leis an suíochán sa bhfothoghchán i mBaile Átha Cliath Láir.
De réir thorthaí an chéad chomhairimh ansin bhí 4,903 aige, 4,348 vótaí céadrogha a fuair an té atá sa dara háit, Janice Boylan,Sinn Féin.
Ina diaidh sin tá Janice Horner ón Chomhaontas Glas,Gerard Hutch, Neamhspleách agus Ray McAdam ó Fhine Gael.
Thit vóta Fhianna Fáil,Fhine Gael agus Shinn Féin sa dáilcheantar an iarraidh seo, mhéadaigh vóta na nDaonlathach Sóisialach agus is cosúil anois go mbeidh 12 Teachta Dála ag an bpáirtí sa Dáil faoin am a mbíonn an deireadh seachtaine thart.
Tá an chéad chomhaireamh sa bhfothoghchán eile atá ar siúl i nGaillimh Thiar díreach thart agus fógra tugtha.
Tá Noel Thomas, Éire Neamhspleách chun cinn le 10,007 vótaí céadrogha.
Ina dhiaidh tá Sean Kyne,Fine Gael le 9,647 vóta agus Helen Ogbu,Lucht Oibre le 5,462.
Beidh Kyne ag súil áfach gur mó foráis a bheidh airsean le haistriúcháin sna comhairimh atá le teacht.


