Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cairns thar a bheith sásta le toradh an fhothoghcháin i mBÁC

24 MAY 2026, 10:19

Daniel Ennis (ar dheis) a toghadh inné
Twitter Facebook

Tá ceannaire na nDaonlathach Sóisialach,Holly Cairns an-sásta go deo le toradh an fhothoghcháin i mBaile Átha Cliath Láir.

Toghadh Daniel Ennis don pháirtí inné i ndiaidh an 9ú comhaireamh.

12,050 ar fad a bhí aigesan, breis is 7 míle go leith vóta chun cinn ar Janice Boylan, Sinn Féin.

Chinntigh aistriúchán de 3,744 vóta ó Janet Horner (Comhaontas Glas) gur aige a bheadh an lá.

Dúirt Holly Cairns gur léiriú an toradh seo i mBaile Átha Cliath díogras agus obair chrua Daniel Ennis chomh maith leis an bhfeachtas dearfach a bhí aige féin agus a fhoireann chanbhasála.

Thréaslaigh sí freisin le hiarrthóir an pháirtí sa bhfothoghchán i nGaillimh Thiar.

D'éirigh le Míde Nic Fhionnlaoich sciar an vóta don pháirtí sin a dhúbailt sa toghcheantar sin.

'Is cinnte go bhfeicfear an bhean seo ag bualadh ar an doras ansin arís' a dúirt Holly Cairns.

Maidir leis an bpáirtí féin 'is ó neart go neart atáimid ag dul le chuile thoghchán' a dúirt sí agus 'tá sé i gceist agam iarrthóir a bheith ag na Daonlathaigh Shóisialacha i ngach aon dháilcheantar sa gcéad olltoghchán eile'.