Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ceathrar eile maraithe i gCív

24 MAY 2026, 11:50

Scrios déanta i gCív
Twitter Facebook

Rinneadh ionsaí mór ar phríomhchathair na hÚcráine,Cív thar oíche aréir.

Maraíodh ar a laghad ceathrar ansin agus sa cheantar máguaird.

Tá an t-ionsaí dróin agus diúracáin ó fhórsaí na Rúise cáinte go láidir, go háirithe ag Rialtais na Fraince agus na Gearmáine.

Gortaíodh breis is 80 duine eile san ionsaí seo atá i ndiaidh aird ar leith a tharraingt mar gur úsáideadh diúracán 'Oreshnik', a bhfuil cumhacht núiclíoch aige.

Seo an 3ú huair ag an Rúis diúracán dá léithid a úsáid ó thug siad ionradh faoin Úcráin breis is 4 bliana ó shin.

Buaileadh foirgnimh chónaithe,ionad siopadóireachta, scoileanna agus iarsmalann le linn an ionsaithe.

'Drochoíche amach is amach' an cur síos a rinne méara Chív ar an ionsaí.