Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Iar-pheileadóir cáiliúil as Tír Eoghain,Frank McGuigan,básaithe

24 MAY 2026, 12:16

Frank McGuigan i ngeansaí Thír Eoghain
Twitter Facebook

Tá an t-iarpheileadóir iomráiteach ó Thír Eoghain,Frank McGuigan tar éis bháis.

Beidh cuimhne air i dTír Eoghain a bhuíochas dá chuid taispeántas i gcluichí móra dá chontae, go speisialta i gCluiche Ceannais Sinsir Uladh i 1984.

Scóráil an fear ó Ard Bó 11 cúilín an lá sin i gcoinne Ard Mhacha, uilig ón imirt, ag úsáid na coise deise, na coise clé agus a dhorn leis na bearta a dhéanamh.

An bhliain chéanna sin d'éirigh le Frank gradam peile Réalt All-Star a bhaint amach sa líne lántosach.

Faraor, níos deireanaí sa bhliain a tharla timpiste bóthair dó a d'fhág nach mbeadh ar a chumas peil a imirt ní ba mhó.

Léirigh Frank McGuigan a mhianach peile sna déaga, ag imirt go tréan treallúsach i gCraobh Peile Idirchontae na Mionúr i 1972, agus é ar an bpáirc do dhá chluiche ceannais Uladh an bhliain sin, an cluiche mionúir i gcoinne an Chabháin agus ansin i lár na páirce dona sinsir in aghaidh Dhún na nGall.

Ní raibh sé ach 19 bliain d'aois nuair a léirigh sé a phearsantacht ceannaireachta agus é ina chaptaein ar an bhfoireann shinsir a bhuaigh Craobh Uladh i 1973.

Ba dual athar dá chuid mic freisin a bheith láidir ar pháirc na peile.

Bhí Tommy, Brian agus Frank óg ar fhoirne sinsir Thír Eoghain a chroch leo craobhacha uile-Éireann idir 2003-2008.

D'imir mac eile leis, Shay ar fhoireann shinsir an chontae freisin.