Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tús á chur le triail Jeffrey Donaldson

26 MAY 2026, 15:11

Iar-cheannaire an DUP Jeffrey Donaldson
Twitter Facebook

Tá tús á chur inniu le triail iar-cheannaire an DUP Jeffrey Donaldson i gCúirt Chorónach an Iúir, ar chúiseanna a bhaineann le cionta gnéis.

Tá Jeffrey Donaldson ag pléadáil neamhchiontach in 18 gcúis, san áireamh, cúis a bhaineann le héigniú.

Tháinig Donaldson atá 63 bliain d'aois chun na cúirte go gairid i ndiaidh 9.15 ar maidin.

Jeffrey Donaldson gets out of a car outside at Newry Crown Court

Tá sé curtha i leith Eleanor Donaldson, bean chéile Jeffrey Donaldson gur chabhraigh sí lena fear céile agus go raibh sí i bpáirt leis.

Rialaíodh í a bheith neamhábalta de réir leighis chun a bheith rannpháirteach i dtriail choiriúil agus dá bharr sin, triail na bhfiricí atá roimpi.

Jeffrey Donaldson arrives at Newry Crown Court

Beidh ar an ngiúiré cinneadh a dhéanamh an ndearna sí na cionta atá curtha ina leith. Ní féidir í a fháil ciontach ach is féidir í a fháil neamhchiontach.

Tá na cúiseanna go léir atá curtha i leith Jeffrey agus Eleanor Donaldson séanta acu.

Bhí an próiseas chun giúiré a roghnú, 12 ar fad, ar bun inniu. Tá an giúiré a roghnaíodh seolta abhaile anois don lá. Dúirt an Breitheamh leo go dtosnódh an cás maidin amárach ag a leathuair tar éis a deich.

Meastar go mairfidh an triail tuairim is 4 seachtaine.