Inniu ab ea an lá ba theo riamh i mí Bealtaine ó tosnaíodh ag coimeád cuntais in Éirinn an chéad lá riamh.
Cláraíodh teocht 30.5C ag aerfort na Sionainne i gContae an Chláir agus 29.7C ag stáisiún aimsire Pháirc na Darach i gCeatharlach.
Cláraíodh 28.6C ag Aerfort na Sionainne i gContae an Chláir inné.
Níos luaithe, d'éisigh Met Éireann foláireamh aimsire stádas buí do 8 gcontae sa tír agus é tuartha acu go mbeadh an teocht chomh hard le 30 céim celsius i gceantair áirithe.
Éisíodh an foláireamh do chontaetha an Chláir, Chiarraí, Luimnigh, Thiobraid Árann, na Gaillimhe, Chill Chainnigh,agus do chontaetha Laoise agus Uíbh Fhailí.
Deir Met Éireann go bhféadhfadh an teocht a bheith os cionn 27C i gcaitheamh an lae agus síltear go bhfanfaidh an teocht os cionn 15C istoíche.
Meastar go mbeidh an teocht is airde i lár tíre agus san iardheisceart.
Fanfaidh an foláireamh aimsire buí i bhfeidhm ó 12pm inniu go dtí 6pm tráthnóna amárach.


