Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fáilte curtha i nDáil Éireann roimh bheirt Teachtaí Dála nua

26 MAY 2026, 15:15

An Teachta Dála Seán Kyne (FG) agus an Teachta Dála Daniel Ennis (DS) i nDáil Éireann inniu
Twitter Facebook

Chuir beirt Teachtaí Dála nua, a toghadh i bhfothoghcháin Ghaillimh Thiar agus Bhaile Átha Cliath Láir an deireadh seachtaine seo caite, tús lena gcéad lá oibre i dTeach Laighean inniu.

TDs Sean Kyne and Daniel Ennis are welcomed into the Dail chamber

Bhuaigh Daniel Ennis os na Daonlathaithe Sóisialta agus Seán Kyne ó Fhine Gael an dá shuíochán a bhí le líonadh ina ndáilcheantair.

TD Daniel Ennis beside party colleagues Holly Cairns and Gary Gannon

Ag labhairt leis na meáin ar maidin, dúirt Teachta Dála na nDaonlathaithe Sóisialta, Daniel Ennis, nár cheart d'fhoireann sacair na hÉireann imirt in aghaidh Iosrael i mí Mheán Fómhair.

New Social Democrats TD Daniel Ennis speaks to the media outside Leinster House on his first day

Dúirt Teachta Dála nua Fhine Gael, Seán Kyne, go bhfuil vóta Fhine Gael láidir i nGaillimh Thiar go fóill agus nach mbeidh sé in iomaíocht leis an Aire Hildegarde Naughton don suíochán.