Tá foláireamh flannbhuí stoirme fógartha ag Met Éireann i gCorcaigh agus foláireamh buí stoirme i gceithre chontae eile, mar atá Ciarraí, Luimneach, Port Láirge agus Loch Garman. Baineann an fógra buí le Corcaigh chomh maith.
Beidh feidhm leis an bhfógra flannbhuí go dtí 4 a chlog tráthnóna inniu agus beidh feidhm leis an bhfógra buí go dtí 7 a chlog.
Deir na meitéareolaithe go mb'fhéidir go mbeadh tintreach, clocha sneachta agus fuarlaigh sna háiteanna atá i dtreis.
D'fhéadfadh sé freisin go ndéanfaí damáiste do mhaoin i gceantair áirithe agus go mbeadh bóíthre sleamhain tar éis na stoirme, a deir siad.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


