Glacadh le breis agus 50% den 2,706 gearán a rinneadh faoi Ghardaí le hOifig Ombudsman na Póilíneachta, Fiosrú, sna trí ráithe dheireanacha de 2025.
Bhain 27% de na gearáin inghlachta le míshástacht daoine faoi fhiosrúcháin a bhí ar bun ag na Gardaí, agus bhain 15% le míshástacht faoi phóilíneacht ar bhóthre.
Fuarthas 305 gearán faoin gcaoi ar caitheadh le daoine agus iad á ngabháil ag Gardaí.
Bhunaigh Fiosrú 30 fiosrúchán faoi eachtraí a mb'fhéidir gur bhain díobháil thromchúiseach do dhuine nó a mb'fhéidir gur bhásaigh duine mar gheall ar ghníomh nó easpa gnímh Garda.
Bhí trí bhás déag i gceist ach ní hé sin le rá go ndearna aon Gharda aon ní as bealach.
Bhain sé chás eile le líomhaintí faoi ionsaí gnéasach nó faoi mhí-úsáid cumhachta.
Cuireadh 61 comhad chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí mar gur chreid Fiosrú go raibh, nó go mb'fhéidir go raibh, coir déanta ag na Gardaí ábhartha.
Threoraigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an dlí a chur ar Ghardaí i gcúig chás déag den 61 sin.
Dúirt an tOmbudsman Emily Logan go raibh struchtúir agus nósanna imeachta na hoifige athraithe chun feabhais le gairid agus dúirt go raibh Aonad Seirbhísí Speisialta bunaithe ag Fiosrú le gearáin faoi fhoréigean sa bhaile agus faoi fhoréigean gnéasach a fhiosrú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


