Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear le cur ar a thriail faoi dhúnmharú Michael Gaine

27 MAY 2026, 17:04

Michael Kelley atá cúisithe i ndúnmharú Michael Gaine i gCo Chiarrai anuraidh
Twitter Facebook

Tá fear 54 bliain d'aois le cur ar thriail sa chéad seisiún eile den Phríomh-Chúirt Choiriúil faoi dhúnmharú an fheirmeora Michael Gaine i gCo Chiarraí anuraidh.

Sin é Michael Kelley, as Maine sna Stáit Aontaithe ó dhúchas, iarshaighdiúir in arm na tíre sin, a bhfuil cónaí air i dTrá Lí.

Cuirtear ina leith gur dhúnmharaigh sé Michael Gaine uair éigin idir an 20 Márta agus an 21 Márta 2025.

Fuarthas páirteanna de chorp Michael Gaine ar a fheirm sa Charraig Thoir ó thuaidh de Neidín i mí na Bealtaine anuraidh, dhá mhí ó chonacthas go deireanach é.

Seirbheáileadh an leabhar fianaise ar an gcúisí i gCúirt Dúiche Thrá Li ar maidin inniu agus ceadaíodh saorchúnamh dlí dó.

Bhí baintreach Michael Gaine sa chúirt inniu chomh maith le daoine muinteartha agus cairde leis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ