Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Luach €4.2 milliún de channabas luibhe faighte gCo an Chláir

27 MAY 2026, 17:52

210 cileagram sa lear cannabais a fuarthas i gCo an Chláir
Twitter Facebook

Tá luach €4.2 milliún de channabas luibhe, ceaptar, faighte ag na Gardaí i gCo an Chláir.

210 cileagram a bhí sa lear a fuair comhaltaí de thrí aonad ar leith sa Gharda Siochána agus comhaltaí de Sheirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim inné.

Tá anailís le déanamh ar na drugaí agus tá fiosrúchán na nGardaí fós ar bun.

Gabhadh fear sna daichidí agus tá sé le tabhairt os comhair Chúirt Dúiche Inse.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ