Léiríonn tuarascáil taighde nua go bhfuil an líon díolúintí ón nGaeilge a ceadaíodh do dhaltaí iar-bhunscoile méadaithe faoi dhó ó 2017.
60,946 dalta atá i gceist, ar méadú de 109% é sin ó 2017, de réir na tuarascála nua.
Cuimsíonn na daoine sin 14.3% de dhaltaí iar-bhunscoile uile na tíre.
Bunaithe ar an scoilbhliain 2024-2025 atá an taighde a rinne Pádraig Ó Duibhir, Ollamh Emeritus in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Mar chomparáid, agus mar léiriú ar an athrú mór, i 1999 is 2.5% de dhaltaí iar-bhunscoile a fuair díolúine ón nGaeilge.
I mbunscoileanna, tá an líon díolúintí ón nGaeilge mórán mar a bhí in 2017.
12,131 dalta bunscoile a fuair díolúine ón nGaeilge sa scoilbhliain 2024-2025, sin 2.2% de dhaltaí bunscoile uile na tíre.
As an 60,946 dalta iar-bhunscoile a fuair díolúine in 2024-2025 is ar an mbonn iad a bheith faoi mhíchumas foghlama a ceadaíodh é do 37,974 díobh.
Ar a shon sin, más ea, 19,404 den 37,974 sin – 51% díobh – rinne siad staidéar ar theanga iasachta.
Áirítear sa taighde go mbeidh díolúine ag 22.5% de dhaltaí iar-bhunscoile faoi 2030 mura n-athrófar an córas.
Deirtear sa taighde nach dtugtar díolúine iomlán ó fhoghlaim teangacha i dtíortha eile na hEorpa ar nós mar a dhéantar in Éirinn.
Is díolúine shealadach, cuid de dhíolúine, nó curaclam leasaithe a cheadaítear sna tíortha eile.
Deir an tOllamh Ó Duibhir go bhfuil "ag éirí le daltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu dul i ngleic le teangacha breise agus tá torthaí chomh maith nó níos fearr acu sa chéad teanga (T1) is atá ag a bpiaraí nach ndéanann staidéar ach ar theanga amháin".
Dar leis go "[m]bíonn dea-thionchar ag foghlaim scileanna litearthachta an dara teanga (T2) ar scileanna litearthachta na chéad teanga (T1) de bharr gníomhaíochtaí litearthachta a bheith méadaithe seachas laghdaithe".
Cáineann an tOllamh Ó Duibhir an Roinn Oideachais agus Óige as "buntáistí agus tairbhí an dátheangachais a shéanadh ar dhaltaí a dtugtar díolúine dóibh in ainneoin go n-aithnítear na buntáistí sin sna ciorcláin a eisíonn an Roinn".
Molann sé córas thíortha eile na hEorpa a chur a bhfeidhm in Éirinn agus deireadh a chur le díolúintí buana.
Molann sé freisin "deireadh a chur le díolúintí ag leibhéal na bunscoile, curaclam Teanga na Bunscoile a chur in oiriúint do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu agus an tacaíocht foghlama chuí a chur ar fáil dóibh".
Dúirt Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge go "[g]caithfear stop a chur leis an gcur i gcéill ... [d]eirtear sa chiorclán a bhaineann leis na díolúintí nach mbronntar díolúine ach go hannamh agus go heisceachtúil. Ní féidir leis an Aire nó leis an Roinn seasamh leis an ráiteas sin a thuilleadh".
Níos deireanaí inniu, cuirfidh an tOllamh Ó Duibhir a thuarascáil faoi bhráid Chomhchoiste Gaeilge Oireachtas Éireann agus cíorfar an t-ábhar ag éisteacht phoiblí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


