Tá an t-iar-reathaí Oilimpeach Ciarán Ó Lionáird as Corcaigh tar éis bháis i gCeanada. Bhí sé 38 bliain d'aois.
Ghlac Ciarán páirt sa chomórtas 1500 méadar ar son na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha i Londain in 2012 agus bhuaigh sé an bonn cré-umha sa chomórtas 3000 méadar i gCraobh Faoi Dhíon na hEorpa in Göteborg sa tSualainn in 2013.
Ba as Múscraí ó dhúchas do Chiarán, mac Sheáin, duine de theaghlach Uí Lionáird as Cúil Aodha a bhfuil aithne mhaith ag Gaeil orthu.
Bhí luí nár bheag aige leis an lúthchleasaíocht raoin as a óige agus bhain sé clú amach nuair a bhuaigh sé an comórtas 1500 méadar i gCraobh Náisiúnta na Scoileanna.
Bhuaigh sé an bonn cré-umha sa chomórtas céanna ar son Chumann Lúthchleasaíochta Mhúscraí Thiar i bhFéile Oilimpeach Óige na hEorpa in 2005.
Ball de Chumann Lúthchleasaíochta Ghleann na Laoi ab ea Ciarán chomh maith agus ar chríochnú na scoile dó ghlac sé le scoláireacht lúthchleasaíochta ó Ollscoil Michigan sna Stáit Aontaithe.
D'aistrigh sé ina dhiaidh sin go dtí Ollscoil Florida.
Bhain gortú don teannán Aichill ina chos chlé, áfach, agus chuir sin eang sa roth aige agus é ag ullmhú do na Cluichí Oilimpeacha i Londain.
Bhí an-díomá ar Chiarán nach raibh sé ábalta cruthú de réir a chumais sna cluichí sin mar gheall ar an ngortú.
Níor chneasaigh na gortuithe éagsúla a bhain dó i gcaitheamh na mblianta mar ba cheart agus b'éigean dó éirí as an lúthchleasaíocht phroifisiúnta díreach roimh na Cluichí Oilimpeacha in Rio de Janeiro in 2016.
Rinne sé iarracht ar theacht ar ais in am do na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo in 2020 ach b'éigean dó éirí as arís nuair a buaileadh tinn é.
Bhí Ciarán Ó Lionaird ag obair do Nike i gceanncheathrú an chomhlachta in Beaverton, Oregon idir 2015 agus 2021, agus chaith sé trí bliana ag obair don chomhlacht Vizio in Los Angeles ina dhiaidh sin.
Fuair sé bás in Montréal i gCeanada inné.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


