Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, maíodh gur ag iarraidh triúr páistí óga a mharú a bhí fear as an Ailgéir nuair a sháigh sé iad, líomhnaítear, i lár Bhaile Átha Cliath dhá bhliain go leith ó shin.
Tá an fear, Riad Bouchaker, ar a thriail faoi iarracht a dhéanamh beirt chailíní óga agus buachaill óg a dhúnmharú ar Chearnóg Parnell ar an 23 Samhain 2023.
Sa chúirt inniu, dúirt abhcóide an ionchúisimh Karl Finnegan leis an ngiúire gur sháigh Riad Bouchaker an triúr páistí sa cholainn, sa chliabhrach, sa cheann agus sa mhuineál, agus rún aige iad a mharú.
Tá Riad Bouchaker cúisithe freisin in ionsaí a dhéanamh ar oibrí naíolainne, Leanne Flynn, agus i mórdhíobháil a dhéanamh di nuair a rinne sí iarracht na páistí a chosaint air.
Ina cheann sin, tá sé cúisithe i mbeirt pháistí eile a ionsaí, chomh maith le fear a tháinig i gcabhair orthu, agus i scian a bheith ina sheilbh aige.
Tá Riad Bouchaker, atá 52 bliain d'aois, ag pléadáil neamhchiontach sna cúisimh ar fad.
Sa chúirt inniu, dúirt máthair an chailín is measa a gortaíodh san ionsaí scine go raibh na cúig bliana slánaithe ag a hiníon ag an am agus go bhfuil sí beagnach ocht mbliana d'aois anois.
Sa chuntas a thug an mháthair ar shláinte a hiníne thug sí le fios go bhfuil an cailín beag i gcathaoir rothaí anois, nach bhfuil sí in ann labhairt agus gur le caochadh na súl a chuireann sí tá agus níl in iúl.
Tá díostóine ar an gcailín beag, arsa an mháthair, donacht a fhágann go gcuireann a cuid matán i ngníomh malairt méine a hintinne.
Ós ag cur in aghaidh dhul a matán féin an t-am ar fad atá a hiníon, a dúirt an mháthair, caithfidh sí a dhá oiread iarrachta a dhéanamh leis an gcor is lú a chur i ngníomh agus as a dheireadh ar fad níl sí in ann aon ní a dhéanamh di féin.
Dúirt Karl Finnegan leis an ngiúiré gur bhain gortú inchinne do Riad Bouchaker mar gheall ar obráid a rinneadh air roimh an ionsaí ar Chearnóg Parnell.
Thug an t-abhcóide le fios freisin nár bhain sin le hábhar sa triail agus dúirt nach bhfuil aon duine ag maíomh go raibh neamhord meabhairshláinte ar Riad Bouchaker ar an 23 Samhain 2023.
Meastar go mairfidh an triail thart ar chúig seachtaine.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


