Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Diúracáin scaoilte ag Meiriceá, an Iaráin le bunáiteanna a chéile

10 JUNE 2026, 12:09

Deir na Meiriceánaigh gur bhuamáil siad ionaid in aice le Caolas Hormuz
Twitter Facebook

Dúirt fórsaí míleata na hIaráine gur scaoil siad diúracáin le bunáit mhíleata leis na Stáit Aontaithe san Iordáin agus le háiteanna i dtíortha Arabacha i Murascaill na Peirse tar éis do na Meiriceánaigh ionaid ar chósta theas na hIaráine a bhuamáil aréir.

Dírithe ar haingir scairdeitleán agus ar ionad stiúrtha míleata sa bhunáit a bhí na diúracáin, a dúirt na hIaránaigh.

Thug na húdaráis san Iordáin le fios gur chuir siad roinnt diúracán malairt slí agus nár gortaíodh aon duine nuair a cuireadh na diúracáin go talamh i bhfad ó mharc.

Dúirt na Meiriceánaigh gur bhuamáil siadsan ionaid stiúrtha agus ionaid faire in aice le Caolas Hormuz tar éis do na hIaránaigh iad féin héileacaptar míleata leis na Meiriceánaigh a chur go talamh inné.

Tuairiscítear gur ceithre huaire an chloig a lean an bhuamáil thart ar Chaolas Hormuz.

Scaoil na hIaránaigh diúracáin le Bairéin agus le Cuáit chomh maith ach ní fios fós cén díobháil a rinneadh sna tíortha sin dá mbarr.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ