Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Círéibeacha sa Tuaisceart den dara hoíche as a chéile

11 JUNE 2026, 09:23

Spréigh na póilíní uisce le círéibeoirí i mBaile na Mainistreach i gCo Aontroma
Twitter Facebook

Gortaíodh dháréag póilíní agus gabhadh sé dhuine dhéag agus círéibeoirí i mbun millteoireachta in áiteanna éagsúla sa Tuaisceart arís aréir, an dara hoíche as a chéile.

Caitheadh brící agus buamaí peitril le póilíní i mBaile na Mainistreach ó thuaidh de Bhéal Feirste agus lasadh feithicil le Roinn Infreastruchtúir an Tuaiscirt ansin.

Bhain cuid de na círéibeoirí leas as oird le cosáin a bhriseadh ina gcránaithe cloiche agus a gcaitheamh leis na póilíní.

Bhí canóin uisce ag na póílíní agus spréigh siad na roiseanna uisce leis an slua lena scaipeadh agus le súil a lúth a lagú.

Fir a raibh púicíní orthu agus a chreidtear atá bainteach le grúpaí dílseoirí agus le hantoiscigh eite deise a bhí freagrach as an bhforéigean.

Rioters have set fire to wheelie bins and removed a garden fence to use as a shield against a police water cannon on Antrim Road
An bhladhm i mBaile na Mainistreach

Níos faide ó thuaidh, i gCarraig Fhearghasa, leonadh beirt phóilíní nuair a caitheadh buama peitril leo.

Tugadh duine den bheirt chun an ospidéil agus cuireadh cóir leighis ar an duine eile ar an mball.

Tuairiscítear go raibh mí-ord i nDoire aréir freisin agus gur cuireadh maoin le thine ar Bhóthar an Aird Mhóir ar chiumhais thoir theas na cathrach.

Is é an t-ionsaí scine a rinneadh ar fhear i dtuaisceart Bhéal Feirste oíche Dé Luain seo caite a d'adhain na círéibeacha agus tugadh fear de bhunadh na Súdáine os comhair cúirte inné agus iarracht ar dhúnmharú curtha ina leith.

Tá fíor-dhrochbhail san ospidéal ar an bhfear a sádh, Stephen Ogilvie, atá sna daichidí.

"Bithiúntas ciníoch" a thug Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Hilary Benn ar an mí-ord agus d'achainigh teaghlach Stephen Ogilvie féin ar dhaoine gan dul i muinín an fhoréigin ar a son-na.

D'iarr an teaghlach freisin ar dhaoine gan scéalta bréige a chraobhscaoileadh ar na meáin shóisialta agus dúirt go mba é bealach na síochána an t-aon bhealach chun cinn a bhí ann, agus a bhí ann riamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ