Cé go bhfuil sos comhraic aontaithe ag Meiriceá agus an Iaráin agus an socrú síochána le síniú Dé hAoine tá Iosrael ag leanacht lena gcogadh ar an Liobáin.
Thar oíche a déanadh an socrú idir feidhmeannaigh de chuid na Stát Aontaithe agus de chuid na hIaráine faoi chreatlach síochána le deireadh a chur leis an gcogadh a thosaigh Meiriceá agus Iosrael mí Feabhra, le deireadh a chuir le imshuigh Chabhlach Mheiriceá ar an Iaráin, agus le Caolas Hormuz a oscailt an athuair.
D'fhógair an tUachtarán Trump go raibh "an margadh déanta" agus gur chóir do "longa na cruinne a gcuid innill a thosnú leis an ola a scaoileadh ag sruth!"
Thit praghas ola leis an bhfógra.
Chaill amhola Brent $4, 4.7% de laghdú, agus costas bairille anois $83, an praghas is saoire a bhí sé le breis is ráithe.
Cé nach bhfuil aon sonraí foilsithe faoin réiteach atá déanta deir Uachtarán Sharif na Pacastáine - tír a bhí i mbun eadrána ar son na síochána - go síneofar an conradh síochána Dé hAoine san Eilvéis.
Curfar deireadh láithreach a deir Sharif "le gníomhartha míleata ar gach fronta, an Liobáin san áireamh".
Ach cheana féin tá Airí Rialtais in Iosrael - an tAire Slándála Itamar Ben-Gvir agus an tAire Cosanta Israel Katz ina measc - tar éis an margadh a cháineadh agus iad ag rá nach bhfuil Iosrael faoi cheangail aige.
"Níl chuidíonn margadh Trump le slándáil Iosrael" a deir Ben Gvir "agus ní ghlacfaidh muid le aon socrú gan Hezbollah a bheith scriosta.
Ní ghéillfidh muid oiread is orlach den talamh atá gafa ag ár gcuid saighdiúirí agus iad tar éis sceimhlitheoirí a ruaigeadh".

Deir Uachtarán Choimisiún na hEorpa Ursula von der Leyen "go gcaithfear an réiteach a fheidhmiú go gasta agus go hiomlán" agus deir sí nach mbeidh aon tsíocháin san MeánOirthear "agus an Liobáin tré thine".
San Iaráin tá an Leas-Aire Gnóthaí Eachtracha Kazem Gharibabadi tar éis a rá go mbeidh 60 lá ann ón aontú a bheith sínithe le theacht ar "réiteach críochnúil" faoi chlár núicléach na hIaráine, faoi smachtbhannaí na Stát Aontaithe agus faoi loingeas ar Mhurascaill na Peirse.
Tá na mílte maraithe, a bhformhór mór san Iaráin agus sa Liobáin, ó d’ionsaigh Meiriceá agus Iosrael an Iaráin an 28ú Feabhra.


