Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Gan cead campáil feasta ar Inis Cealtra

15 JUNE 2026, 14:19

Inis Cealtra atá i seilbh an Stáit ó 2015
Twitter Facebook

Ní bheidh cead ó thús na míosa seo chugainn campáil feasta ar Inis Cealtra, ceann de láithreacha móra oidhreachta na tíre.

Fo-dhlíthe nua de chuid Chomhairle Chontae an Chláir is cúis leis, agus faoin réimeas nua ní bheidh cead fanacht thar oíche ach an oiread ag an gcéibh ar an mór-thír.

Tá méadú mór tagtha ar líon na gcuairteoirí chuig Loch Deirgeirt le blianta beaga anuas le ghabháil isteach ar an 'oileán beannaithe' mar a thugtar ar an áit sa mbéarla.

San 7ú Aois a bhunaigh bráithre mainistreach ar Inis Cealtra agus i 2015 cheannaigh an t-údarás áitiúil an t-oileán 43 acra le plean forbartha a chur sa tsiúl le cur le líon na gcuairteoirí ach an áit a chaomhnú agus a bhainistiú.

Ach leis an méadú ar líon na gcuairteoirí tá méadú ar na fadhbanna leis an lear a bhíonn ag campáil istigh ar an oileán agus sa gcarrchlós ag an gcéibh ag Cnoc an Phoirt.

Tá reilig ar an oileán agus daoine fós á cur inti.

I measc na mairbh tá an scríbhneoir mór le rá Edna O'Brien.

Ach ón gcéad lá de mhí Iúil, faoi na fo-dhlithe nua, sárú ar an dlí a bheidh ann campáil thar oíche i gceachtar den dá áit.

Deir an Comhairleoir Contae Tony O'Brien "nach raibh aon ghabháil as leis an mí-iompar a bhíonn ar bun".

Deir sé go bhfuil meall mór d'airgead cáin-íocóirí caite le suíomh stairiúil a choinneáil slán agus a fhorbairt.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Tomás Ó Mainnín ar Nuacht TG4 ag 1900.