Tá 6 bliana príosúin gearrtha ar iarGharda as tiomáint mharfach agus as teitheadh ón láthair.
Bhí Michael Ball tar éis pléadáil ciontach as na coireanna a bhain le bás Niall Mac Eneaney, fear 45 bliain d'aois, a maraíodh moch ar maidin an 17ú Márta 2024 ar Bhóthar Ráth Maoláin i nDroichead Átha.
Ag an am ba comhalta de chuid na nGardaí é Michael Ball i mBeairic Dhroichead Átha.
As Dún na nGall ó dhúchas é.
Ag an éisteacht inniu i gCúirt Chuarda Dhún Dealgan le pianbhreith a ghearradh air dúirt an Breitheamh gur "i bhfad gann ar chaighdeán Garda nó aon nduine den phobal" a bhí an méid a bhí déanta aige an oíche sin.
Dúirt an Breitheamh Dara Hayes go raibh sé tar éis Niall Mac Eneaney a fhágáil le bás a fháil ar thaobh an bhóthair.
Ghearr sé 7 mbliana príosúin ar Mhichael Ball, an bhliain dheireanach ar fionraí.
Tá sé curtha den bhóthar go ceann 12 bliain.
Bhí fianaise cloiste roimhe seo gur éirigh Ball as an nGarda Síochána tar éis dó pléadáil ciontach.
Bhí aithne mhaith ar Niall Mac Eneaney as a bheith ag imirt iománaíochta le foireann Chontae Lú agus as a bheith i mbun bainistíochta ar Chumann Naomh Féichín.
Ag siúl abhaile an oíche sin a bhí sé tar éis bualadh le cairde.
Tiománaí tacsaí a tháinig air thart ar leathuair tar éis a dó ar maidin agus é maraithe ar thaobh an bhóthair.
Tháinig na Gardaí ar phláta clárúcháin cairr, in ainm Mhichael Ball.
Chuaigh siad ag an seoladh ag a raibh Michael Ball ina chónaí ag an am le cairde a bhí sna Gardaí freisin.
Fuair siad a charr den déanamh Skoda agus tháinig siad air féin sa gcisteanach sa teach agus é "gan aithne gan urlabhra" agus ba léir go raibh sé dalta.
Dúirt beirt Gharda eile a bhí ina gcónaí sa teach go raibh an triúr acu i gcuideachta a chéile ag ól an oíche sin ach go raibh siadsan tagtha abhaile roimhe.
Léirigh físeán CCTV ag ól é i dtithe éagsúla tabhairne an oíche sin sular fhill sé ar a charr ag Beairic Dhroichead Átha díreach roimh a 2 a chlog ar maidin.
Dhá nóiméad roimh a 2 a bhuail sé Niall Mac Eneaney a crochadh suas san aer agus a caitheadh 34m ón trasrian coisithe ag ar bhuail an carr é.
Léiríodh sa gcúirt go raibh Michael Ball ag tiomáint idir 107km/uair agus 110km/uair nuair a bhuail sé an fear a bhí ag siúl.


