Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ginmhilleadh: Taoiseach le vótáil i bhfabhar moladh Shinn Féin

16 JUNE 2026, 16:13

Ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald
Twitter Facebook

Tá an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Simon Harris le vótáil i bhfabhar moladh ó Shinn Féin deireadh a chur leis an bhfanacht trí lá a bhíonn ar mhná atá ag iarraidh ginmhilleadh a fháil go luath sa tréimhse toirchis.

Tá moladh Shinn Féin le cur os comhair Dháil Éireann amárach agus beidh cead ag Teachtaí Dála ar thaobh an Rialtais vótáil de réir a dtola féin.

Sa Dáil inniu, dúirt Micheál Martin le ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur dhóichí go molfadh an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht chuí tar éis do choiste Oireachtais an cheist a chíoradh.

D'iarr sé ar gach dream a bheith múinte le chéile le linn na díosopóireachta ar an gceist a bheas ar siúl sa Dáil anocht.

Dúirt urlabhraí Simon Harris go raibh an Tánaiste i bhfabhar a raibh á mholadh ag Sinn Féin agus thug le fios go raibh an moladh ag teacht lena thuairim phearsanta féin agus lena raibh ráite leis ag mná agus ag saineolaithe leighis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ