Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Buachaill óg agus a mháthair dóite go dona ag beárbaiciú

16 JUNE 2026, 14:49

Eastát Chlochair Loreto i gCill Airne
Twitter Facebook

Dódh go han-dona buachaill cúig bliana d'aois agus a mháthair i dtimpiste a tharla ag beárbaiciú i gCill Airne i gCo Chiarraí oíche Dé Sathairn seo caite.

Bhí daoine bailithe timpeall na fulachta i ngairdín in eastát tithíochta ar cholbha theas an bhaile nuair a d'imigh an tine ó smacht.

Tuigtear go raibh roinnt daoine tar éis éarthach a chur orthu féin mar chosaint ar fheithidí agus gur dódh iad nuair a splanc lasair ón tine ina leith.

Tugadh seisear chun an ospidéil de bharr na ngortuithe a bhain dóibh, an buachaill óg agus a mháthair ina measc.

Deir na Gardaí go bhfuil fiosrúchán ar bun acu faoin tubaiste a tharla in Eastát Chlochar Loreto i gCill Airne.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ