Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear gafa maidir le bás mná i gCo Phort Láirge

16 JUNE 2026, 14:57

Noreen Daly a fuarthas marbh i dteach i mbaile fearainn Ard Saileach i ndeisceart Phort Láirge
Twitter Facebook

Tá fear sna tríochaidí gafa ag Gardaí i gCo Phort Láirge a bhfuil bás mná sna hochtóidí á fhiosrú acu.

Tráthnóna inné a fuarthas corp Noreen Daly i dteach i mbaile fearainn Ard Saileach cois na hAbhann Móire i ndeisceart Phort Láirge.

Baintreach ab ea í agus bhí sí ina cónaí ina haonar.

Deir na Gardaí go bhfuil scéala curtha acu chuig an gcróinéir áitiúil agus chuig Oifig an Phaiteolaí Stáit.

Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar chorp Noreen Daly in Ospidéal na hOllscoile i gcathair Phort Láirge agus deir na Gardaí go gcuideoidh torthaí an scrúdaithe sin leo bonn daingean a chur faoina bhfiosrúchán.

Deir na Gardaí nach bhfuil gaol ag an bhfear a gabhadh le Noreen Daly ach bhí aithne acu ar a chéile, a deir siad.

Bhunaigh na Gardaí pointí seiceála timpeall ar Ard Saileach aréir agus iad sa tóir ar dhuine a chreid siad a bhí bainteach leis an gcás.

D'iarr siad ar thiománaithe áitiúla scéala a chur chucu maolabhrach dá n-iarrfadh coisí síob orthu nó dá bhfeicfidís aon duine ag siúl trí na páirceanna sa cheantar.

Is iad na Gardaí i nDún Garbhán atá ag fiosrú bás Noreen Daly agus tá oifigeach caidrimh ceaptha acu chun cuidiú lena teaghlach agus chun comhairle a chur orthu.

Bhí baint nach beag ag Noreen Daly le himeachtaí pobail, go háirithe na healaíona, ceol agus agus rince ina measc.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ