Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An Iaráin: an dara babhta comhráite faoi chomhaontú síochána

16 JUNE 2026, 12:00

Ionsaithe fórsaí míleata Iosrael ar an Liobáin ar cheann de na mórcheisteanna atá le réiteach i gcomhráite
Twitter Facebook

Tuairiscítear go mbeidh an dara babhta comhráite ag ionadaithe ó na Stáit Aontaithe agus ionadaithe ón Iaráin maidir leis an gcomhaontú síochána atá déanta acu.

Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Donald ⁠Trump gur chreid sé go mbeadh an dara babhta comhráite níos réchúisí ná an idirbheartaíocht bhunaidh agus dúirt aire gnóthaí eachtracha na hIaráine Abbas Araghchi go gcuirfí tús leis na comhráite sin Dé hAoine beag seo.

Thug Abbas Araghchi le fios freisin go bhfuil comhaontú eatramhach i bhfeidhm cheana féin ach dúirt go sárófaí an comhaontú sin dá ndéanfadh Iosrael ionsaithe as an nua ar an Liobáin nó dá bhfanfadh fórsaí míleata Iosrael sa tír sin.

Deireadh a chur leis an gcogaíocht i ngach aon bhall den réigiún, sin í an fhoráil is tábhachtaí sa chomhaontú, arsa sé.

De réir ar comhaontaíodh, chuirfí síneadh 60 lá leis an sos comhraic a fógraíodh i mí Aibreáin, dá éadaingne é, agus d'osclófaí Caolas Hormuz an athuair, an muinceann uisce i Murascaill na Peirse atá dúnta ag an Iaráin ó chuir Meiriceá agus Iosrael cogadh uirthi trí mhí go leith ó shin.

Dúirt Trump nach mbeadh arm núicléach ag an Iaráin go brách, de réir ar comhaontaíodh, agus tuigtear go bhfuil sé sin ar cheann de na socruithe a a bhfuil séala le cur air sa dara babhta comhráite.

Tuigtear freisin nach bpléifear sna comhráite tacaíocht na hIaráine do Hezbollah sa Liobáin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ