Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Saoiste Uisce Éireann ag saothrú €391,953 i mbliana

03 JULY 2026, 11:29

Niall Gleeson, ceannasaí Uisce Éireann
Twitter Facebook

Íocfar €391,953 - €118,000 níos mó ná anuraidh - le Príomhfheidhmeannach Uisce Éireann Niall Gleeson i mbliana.

Gheobhaidh sé €225,000 i mbun-thuarastal, €27,000 in íocaíochtaí pinsin agus €22,000 in "íocaíochtaí eile gearrthéarmacha".

Léirítear an phá agus pinsean a shaothróidh an saoiste i mbliana i dtuarascáil bhliantúil an chomhlachta Stáit, a léiríonn chomh maith gur híocadh €17.84 milliún bónais le foireann Uisce Éireann anuraidh - 36.5% d'ardú ón €13.03 milliún a híocadh i 2024.

43% d'ardú atá ar phá an phríomhfheidhmeannaigh a fuair €274,000 i 2025.

Bronnadh íocaíochtaí a bhain le feidhmiú na foirne ar 3,239 fostaí anuraidh le hais 2,244 i 2024.

€5,511 bónais ar an meán a cheadaigh Bord Uisce Éireann mí Eanáir i mbliana, €319 de laghdú ar an €5,830 ar an meán a bhronn siad tús na bliana seo caite.

Níor híocadh bónas leis an bpríomhfheidhmeannach, faoi threoir ón Rialtas i 2011.

Léiríonn an tuarascáil gur shaothraigh 527 den mheitheal níos mó ná €100,000 anuraidh i gcomparáid le 421 i 2024.

Ceathrar a fuair idir €250,000 agus €275,000; seachtar idir €225,000 agus €250,000 and naonúr idir €200,000 agus €225,000.

hÍocadh idir €175,000 agus €200,000 le 31 agus fuair 47 idir €150,000 agus €175,000.

99 ball foirne a shaothraigh idir €125,000 agus €150,000 agus fuair 330 idir €100,000 agus €125,000.

Mhéadaigh líon na bhfostaithe ó 2,108 go 3,013 - 43% de mhéadú ar an meitheal.

Mhéadaigh brabach roimh cháin Uisce Éireann anuraidh go €396.2 milliún, 23% d'ardú.

Shaothraigh an comhlacht €1.83 billiún, 14% níos airde ná an €1.6 billiún a saothraíodh i 2024.

Anuraidh fuair Uisce Éireann €1.24 billiún i bhfoirm deontais ón Rialtas, shaothraigh siad €332.78 milliún thar sáile, agus mhéadaigh luach na gceangal don chóras uisce 34% go €262 milliún.