Tá 4 bliana príosúin gearrtha ar fhear óg as tiomáint chontúirteach a ba chúis le cairde leis a mharú i Co Luimnigh arú anuraidh.
Bhí Patrick Carroll (22) beagnach trí oiread an teora dleathúil ólacháin nuair a thiomáin sé carr faoi bhalla, tubaiste inar maraíodh beirt chara as an gcoláiste leis.
As Biorra i gCo Uíbh Fhailí é Patrick Carroll. An 20ú Feabhra 2024 a d'imigh sé den bhóthar, tráth gur maraíodh Darragh Dullea (20) as Cloich na Coillte i gCo Chorcaí agus Cillian Kirwan (19) as Baile an Phoill i gCo Chill Chainnigh.
Dúirt an Breitheamh Simon McAleese go raibh an méid a rinne Patrick Carroll tar éis "rabharta iarmhairtí tragóideacha" a tharraingt ar shaol mhuintir na ndaoine básaithe, agus ar a shaol féin.
Ceathrar ar fad a bhí sa gcarr oíche na tubaiste. Cuireadh cóir leighis san opsidéal ar Phatrick Carroll agus ar an tríú paisinéir.
Cairde a bhí iontu ar fad, an ceathrar acu i mbun staidéir sa gColáiste Talmhaíochta Siléiseach i bPailís Chaonraí i gCo Luimnigh le ardteastas san meicniú talmhaíochta a bhaint amach.
Bhí fianaise tugtha sa gcúirt ag an gCigire Pádraig Sutton go raibh an ceathrar tar éis a bheith ag léachtaí san TUS i gcathair Luimnigh an 20ú Feabhra 2024 agus gur sheas siad ag 2 theach tábhairne - De Bucket agus an Dromore Inn - i gCill Díoma idir a 4 agus a 7 tráthnóna.
Taispeánadh físéan CCTV de Phatrick Carroll ag tiomáint Volkswagen Jetta cláraithe i 2010 ag teacht agus ag fágáil na dtithe ósta.
An fhad is a bhí an triúr san Dromore Inn a tháinig Cillian Kirwan chomh fada leo.
Achar gearr tar éis dóibh ar fad an teach tábhairne sin a fhágáil, tiomáineadh an carr trasna an taobh eile den bhóthar agus bhuail sí balla i mBaile an Ingleontaigh in aice le Eas Géitine.
Maraíodh an bheirt chairde ar an toirt.
Dúirt Sinéad Molloy, máthar Chillian Kirwan, i ráiteas tionchair don chúirt go raibh a croí briste ó shin.
"Níl sé de neart ionainn é a mhaitheamh" a dúirt sí.
"Lá dubhróin gach lá ó shin dúinn" a dúirt muintir Darragh Dullea.
Agus an Breitheamh McAleese ag gearradh pionóis ar Phatrick Carroll dúirt sé go raibh sé tar éis pléadáil ciontach láithreach, gur chuidigh sé go hiomlán le fiosrúchán na nGardaí, go raibh sé go mór in aiféala agus go raibh sé tar éis mionnú nach n-ólfadh sé aon deoir arís go deo.
Luaigh an Breitheamh freisin gur 19 bliain d'aois a bhí sé ag an am.
Ghearr sé 4 bliana príosúin air agus chuir sé den bhóthar é go ceann 8 mbliana.


