Tá fear 21 bliain d'aois ciontaithe i ndúnmharú an fhir posta Barry Daly i gCo Chorcaí anuraidh.
44 bliain d'aois a bhí Barry Daly a bhásaigh de bharr ghortuithe tubaisteacha dá éadan agus dá chloigeann le maide gailf i nDún ar Aill.
Bhí cúigear clainne air.
An mhí seo caite a cuireadh ar a dtriail Alex Deady as Radharc an Ghleanna, Bóthar an Chlochair i nDún ar Aill agus beirt bhuachaillí sna déaga nach féidir a n-ainmneacha a fhoilsiú.
Phléadáil Alex Deady agus an déagóir is sine atá 17 ciontach i ndúnorgain ach neamhchiontach i ndúnmharú.
11 uair a chloig agus 51 nóiméad a bhí an giúiré seisear ban agus cúigear fear i mbun machnaimh sular chinn siad go raibh Alex Deady ciontach.
Tá an giúiré le filleadh Dé Luain le breithiúnas a thabhairt ar an déagóir.
Le linn na trialach phléadáil an déagóir eile atá 16 ciontach i ndúnorgain ach neamhchiontach i ndúnmharú agus ghlac Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí leis an bpléadáil sin.
Bhásaigh Barry Daly os comhair a theach cónaithe tar éis meánoíche an 12ú Deireadh Fómhair 2025.
An lá roimhe bhí sé féin agus fear eile ag an gceiliúradh ar an mbaile tar éis don chumann áitiúil an Chraobh Iománaíochta B i dTuaisceart Chorcaí a bhuachaint.
Tharla aighneas agus caitheadh dorna le páirtí Alex Deady ar an bPríomhshráid i nDún ar Aill.
Ina dhiaidh chuaigh Barry Daly agus an fear abhaile chuig tigh Daly.
Léiríodh sa triail gur lean Deady, gan léine air, agus an bheirt ógánach iad, agus maide gailf an duine acu.
Taispeánadh físeán ó cheamra slándála dhoras an tí ina ndeir Alex Deady gur fada leis go bhfeicfeadh sé cén lorg a d'fhágfadh maide 5-iarrann ar éadan Bharry Daly.


