Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

"Is faoi Éirinn an fiosrú faoi Aughinish Alumina" - von der Leyen

03 JULY 2026, 16:31

Twitter Facebook

"Is faoi Éirinn a bheith i gceannas ar an bhfiosrú faoi Aughinish Alumina" atá Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen tar éis a rá agus deir sí gur "faoin Rialtas freisin aon tréimhsí ama a shocrú".

Tá sé curtha i leith na monarchan i Luimneach go bhfuil siad tar éis na scórtha míle tona alumina - bunábhar riachtanach i ndéantús alúmanaim - a chuir ar fáil d'Arm na Rúise sa gcogadh leis an Úcráin.

I gCorcaigh ag comh-phreasócáid leis an Taoiseach a dúirt an tUachtarán ar an gCoimisiún go raibh an tAontas Eorpach "ag feitheamh go mbeidh fiosrúchán an Rialtais críochnaithe".

Dúirt Micheál Martin go gcreideann sé go mbeidh an fiosrúchán faoi Aughinish Alumina déanta "faoi cheann roinnt seachtainí".

Dúirt an Taoiseach freisin nár pléadh an cheist inniu le feidhmeannaigh de chuid an Aontais Eorpaigh, agus dúirt sé gur díol suntais é nach bhfuil alumina curtha ar aon liosta smachtbhannaí de chuid an AE go dtí seo in aghaidh na Rúise.