Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Trump i mbun aithisc ar lá mór na Meiriceánach

04 JULY 2026, 17:34

An tUachtarán Trump i Mount Rushmore
Twitter Facebook

'Tá bagairt nua anois ann dár bhféiniúlacht agus dár n-aitheantas agus tagann sin laistigh dár dteorainneacha'.

B'shin na focail a d'úsáid Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le linn a aithisc ar lá mór neamhspleáchais na tíre, an 4Iúil.

Bliain ar leith í 2026 do phobal Mheiriceá ar ndóigh agus 250 bliain den neamhspleáchas á chomóradh aige.

'Antoiscigh agus radacaigh i Meiriceá anois ceann de na bagairtí móra' a thug an tUachtarán Trump le fios sa chaint a thug sé ag Mount Rushmore aréir.

Luaigh sé an cumannachas go speisialta ag rá go gcaithfeadh Meiriceánaigh a bheith ar a n-airdeall faoi.

'Tá roinnt dá spiorad i gcuid de pholaiteoirí an Pháirtí Dhaonlathaigh anseo' a dúirt sé.

'Ní raibh Meiriceá riamh chomh mór faoi ionsaí is atá anois' a dúirt sé, 'níos measa ná aimsir 9/11 nó an t-ionsaí ar Pearl Harbour i 1941'.

Tuairiscítear go bhfuil an aimsir thar a bheith te marbhánta i roinnt mhaith cathracha i Meiriceá ag cur isteach ar an gceiliúradh ansin inniu.

Tá an pharáid a bhí le bheith i gcathair Washington curtha ar ceal de bharr an teasa agus baol toirní.