Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Deichniúr eile ar a laghad maraithe san Úcráin

04 JULY 2026, 17:34

Cathair Sumy á bualadh go tréan ag na Rúisigh
Twitter Facebook

Maraíodh deichniúr eile ar a laghad de thoradh na cogaíochta san Úcráin aréir.

Ceathrar duine an figiúir atá tugtha do Sumy i dtuaisceart na tíre a bhuíochas d'ionsaí buamála aeir a rinne na Rúisigh ansin.

Deirtear go bhfuil páiste 5 bliana agus a máthair i measc na marbh agus gur gortaíodh suas le 27 eile.

Deir gobharnóir réigiúnach na cathrach sin go raibh an t-ionsaí dírithe ar árasáin.

Tá Sumy ar theorainn na Rúise.

Maraíodh suas le seisear eile in ionsaithe in oirdheisceart na hÚcráine.