Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Úcránaigh le díbirt ón Citywest sna seachtainí romhainn

04 JULY 2026, 17:23

Úcránaigh le díbirt ón Citywest sna seachtainí romhainn
Twitter Facebook

Caithfidh na céadta Úcránach atá ag cur fúthu in Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath faoi láthair an chóiríocht sin a fhágáil faoi cheann cúpla mí.

Fuair siad an fógra sin i litir ina leagtar amach an t-athrú i bpolasaí Rialtais i dtaca leis an mbealach a gcuirtear cóiríocht ar fáil dóibh siúd atá thíos leis an gcogadh atá ar bun le breis is 4 bliana anois.

Deirtear sa litir nach mbeidh aon lóistín ann níos mó d'Úcránaigh a bhfuil cosaint shealadach acu sa tír seo agus a tháinig isteach sa tír roimh Mhárta 2024.

Dúradh leo imeacht faoin 18Meán Fómhair agus socruithe eile a dhéanamh ina dhiaidh sin.

Tá roinnt cóiríocht stáit ar fáil dóibh i gcontaetha éagsúla má tá riachtanais speisialta ag aon duine díobh ach iarratas a dhéanamh faoin 17Iúil.

Tá imní léirithe nach mbeidh ar chumas na nÚcránach lóistín eile a aimsiú le fógra chomh gearr agus go mbeidh daoine níos sine, ar dhroch-shláinte chomh maith le máithreacha singlí agus tuismitheoirí atá ag obair a bhfuil páistí leo dul ar scoil.