Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear gafa maidir le dúnmharú fir i nDún Laoghaire Dé Domhnaigh

06 JULY 2026, 19:07

Fear gafa maidir le dúnmharú fir i nDún Laoghaire Dé Domhnaigh
Twitter Facebook

Tá fear ina chuid tríochaidí gafa maidir le fiosrúchán na nGardaí faoi dhúnmharú Mark Cullen i nDún Laoghaire inné.

Is féidir an fear a cheistiú ar feadh trí lá.

Deir na Gardaí go bhfuil siad ag iarraidh a fháil amach cén bhunchúis ag bhí le dúnmharú an fhir 39 bliain d'aois a bhásaigh ar an láthair.

Sa chos a caitheadh Mark Cullen, i bPáirc Phádraig ar Ascaill na Cille i nDún Laoghaire.

Ba as ceantar na Seanchille i ndeisceart Bhaile Átha Cliath dó.

Seo an chéad dúnmharú a bhfuil ceangal ag buíonta coiriúla leis i mbliana agus an chéad eachtra mharfach eagraithe ó bhí 2024 ann.

Creideann na Gardaí go ndeachaigh Mark Cullen chuig Páirc Phádraig thart ar a 8.30 maidin inné le bualadh le duine agus gur caitheadh ansin é le gunna le linn coraíochta, sin nó gur caitheadh de aon turas é de bharr easaontais nó mar chuid de eachtra lámhaigh pionóis.

Caitheadh in uachtar na coise é agus fuair sé bás ar an stráid,

Bhí aithne ag na Gardaí aige de bharr go raibh ceangal aige le mangairí drugaí ar na sráideanna ach deir na Gardaí nach raibh stádas sinsearach aige sa drong.

Bhí sealanna gairide caite aige i bpríosún mar gheall ar bhagairtí a dhéanamh ar dhaoine agus mar gheall nár chloigh sé le coinníollacha bannaí a leagadh síos, ach scaoileadh saor as príosún é níos mó ná bliain ó shin.

Tá fiosrúchán dúnmharfa tosaithe ag na Gardaí maidir lena bhás agus tá siad ag impí ar dhuine ar bith a bhí i gceantar Ascaill na Cille i nDún Laoghaire idir an 8 agus an 9 maidin inné teagmháil a dhéanamh leo ag stáisiún Gardaí Dhún Laoghaire ag an uimhir 01 666 5000..