Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

JD Sports le beagnach €250,000 de dhearbháin a atheisiúint

06 JULY 2026, 11:05

JD Sports le beagnach €250,000 de dhearbháin a atheisiúint
Twitter Facebook

Tá sé socraithe ag an chomhlacht earraí spóirt JD Sports luach beagnach €250,000 de chreidmheas i gcártaí bronntanais a eisiúint arís do chustaiméirí in Éirinn de bhrí go raibh an dáta éagtha mícheart ar na cártaí a dhíol siad leo.

Baineann an cinneadh seo le plé a bhí ag an Choimisiún um Iomaíocht agus Chosaint Tomhaltóirí leis an chomhlacht Breataineach faoin cheist.

De réir an dlí a bhaineann le dearbháin bronntanais a tháinig i bhfeidhm i Nollaig 2019, bíonn feidhm le dearbháin ar feadh 5 bliana.

Ach bliain amháin an teorainn ama a bhí ar na dearbháin ar líne a d'eisigh JD Sports.

Dúirt an Coimisiún gur admhaigh JD Sports an earráid láithreach nuair a rinne an Coimisiún teagmháil leo agus gur tháirg siad an botún a cheartú do chustaiméirí in Éirinn.

Ní ionann an dlí a bhaineann le dátaí feidhme do dhearbháin a eisítear anseo agus an dlí i dtíortha eile

Dá bhrí sin, tá sé i gceist ag JD Sports 5,604 dearbhán a raibh iarmhéid de €10 nó níos mó orthu a atheisiú.

Baineann na dearbháin atá i gceist leo siúd a ceannaíodh idir deireadh 2019 agus deireadh 2025 ach ní bhaineann sé le dearbháin a eisíodh i ndiaidh mhí na Nollag 2025.

Dúirt cathaoirleach an Choimisiúin Brian McHugh go bhfuil rialacha níos déine in Éirinn ná tá i dtíortha eile maidir le dearbháin. "Léiríonn an cás seo go mbíonn am breise de dhith ar chustaiméirí na hÉireann lena gcuid dearbhán a chaitheamh. Chaill custaiméirí JD Sports in Éirinn luach beagnach €250,000 ach cuirfear é seo ina cheart anois."

Dúirt an Coimisiún go bhfuair siad comhoibriú iomlán ón siopa spóirt agus go bhfuil go dtí an 4 Eanáir 2027 ag an chomhlacht le teagmháil a dhéanamh leis na custaiméirí a cheannaigh na dearbháin seo, agus na dearbháin a atheisiúint dóibh.