Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

SIPTU le vótáil ar ghníomh stailce faoi mhoill ar chainteanna pá

06 JULY 2026, 12:09

SIPTU le vótáil ar ghníomh stailce faoi mhoill ar chainteanna pá
Twitter Facebook

Tá tús curtha ag an cheardchumann SIPTU le seisiúin comhairliúcháin i measc a gcuid ball sa tseirbhís phoiblí maidir le vóta faoi ghníomhaíocht stailce ó seo go ceann roinnt seachtainí.

Deir an ceardchumann go bhfuil teipthe ar an Rialtas tús a chur le cainteanna fiúntacha maidir le comhaontú pá san earnáil phoiblí.

Tháinig deireadh leis an chomhaontú pá deireanach san earnáil phoiblí an tseachtain seo caite agus níor tosaíodh fós ar chainteanna foirmeálta maidir le comhaontú nua.

Dhá bhliain go leith a mhair an comhaontú deireanach ó Eanáir 2024 go deireadh an Mheithimh i mbliana, agus fuair oibrithe suas le 10.5% de ardú pá mar chuid den socrú sin.

Dé hAoine seo caite dúirt Coiste Seirbhísí Poiblí Chomhdháil na gCeardchumann ICTU go raibh tús curtha ag an 19 ceardchumann atá faoina scáth le próiseas comhairliúcháin lena gcuid ball, agus go mbeifear ag súil le vóta maidir le gníomhaíocht thionsclaíoch ó seo go ceann cúpla seachtain.

Deir an ceardchumann SIPTU go gcuirfear an cheist ar vóta i measc a gcuid ball sna h-earnálacha sláinte, údaráis áitiúla agus oideachais.

"Theip ar na réamhchainteanna le hoifigigh rialtais le cúpla seachtain anuas bun a chur faoi chainteanna foirmeálta, de bhrí nár leag siad síos go soiléir go bhfuil siad i ndairíre faoi straitéis pá mar chuid de chomhaontú a thabharfadh cosaint do chaighdeáin maireachtála ár gcuid ball," a dúirt Ardrúnaí SIPTU John King.