Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Méadú 49% go €53,800 ar mheán ioncaim feirme i 2025 - Teagasc

06 JULY 2026, 12:58

Méadú 49% go €53,800 ar mheán ioncaim feirme i 2025 - Teagasc
Twitter Facebook

Tháinig méadú suntasach ar theacht isteach feirmeoirí i ngach réimse den earnáil anuraidh, de réir an tSuirbhé Náisiúnta Feirme is déanaí de chuid na heagraíochta Teagasc.

Ardaigh an meán ioncaim feirmeoireachta 49% chuig níos mó ná €53,800 in 2025 i gcomparáid leis an an bhliain 2024.

Praghasanna maithe a bheith á bhfáil ar a gcuid táirgí is cúis leis an ardú seo - go háirithe ag feirmeoirí tógála beithigh, mairteola agus déiríochta.

Siad na feirmeoirí déiríochta a shaothraigh an t-ioncaim is mó i 2025 le meán ioncaim de €153,300, sin ardú de 41% ón bhliain roimhe sin.

Léiríonnan t-ardú seo an feabhas atá tagtha ar phraghasanna bainne, ar tháirgíocht bainne agus ar ioncaim níos airde ó dhíolacháin laonna do mhargaí feola.

Deirtear sa tuairisc áfach cé go bhfuil an meán ioncaim ar fheirmeacha déiríochta i bhfad níos airde ná ar chineálacha eile feirmeacha, go mbíonn gá le "leibhéal oibre" níos mó ar na feirmeacha déiríochta de bharr dhéine na hoibre agus mhéid na dtréada.

Mheádaigh meán ioncaim ar fheirmeacha tógála eallaigh 74% go dtí €24,100 anuraidh, a bhuí le héileamh níos mó ar mhairteoil agus praghsanna níos airde dá réir sin.

Deirtear sa suirbhé "nach bhfacthas ardú chomh suntasach seo roimhe in ioncaim na bhfeirmeacha tógála eallaigh."