Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tonn teasa eile tuartha ag Met Éireann don tseachtain seo

06 JULY 2026, 17:14

Tonn teasa eile tuartha ag Met Éireann don tseachtain seo
Twitter Facebook

D'fhéadfadh sé go mbeadh sé ina theaspach in áiteanna ar fud na tíre an tseachtain seo, a deir Met Éireann.

Teocht chomh hard le 30 céim Celsius atá tuartha san fholáireamh a thiocfaidh i bhfeidhm ón Chéadaoin go dtí Máirt sna seachtaine seo chugainn.

"Sáróidh na huasphointí 25 céim Celsius go cinnte agus rachaidh siad chomh fada leis na fichidí arda nó na tríochaidí ísle in áiteanna Dé hAoine."

D'fhéadfadh sé chomh maith go mbeadh oícheanta tropaiceacha i roinnt áiteanna ag an deireadh seachtaine - nuair nach dtiteann an teocht faoi bhun 20 céim Celsius - agus tá baol ann go mbeidh stoirmeacha toirní ann níos déanaí an tseachtain seo.

Cúig lá de 25 céim Celsius nó os a chionn i ndiaidh a chéile an sainmhíniú meiteareolaíochta atá ar thonn teasa.