Tá an Rialtas le Coimisiún Imscrúdúcháin a bhunú le coireanna an phéidifiligh an Dr Michael Shine a fhiosrú.
Fiosrófar freisin an chaoi ar láimhseáil na húdaráis an cás.
Máinlia in Ospidéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha i gCo Lú ab ea Michael Shine idir 1964 agus 1995 agus bhí clinic phríobháideach aige freisin.
Ciontaíodh é in 2017 agus in 2019 i mí-úsáid ghnéis a dhéanamh ar roinnt buachaillí ach áirítear 400 íospartach ar a laghad a bheith ann.
Moladh Coimisiún Imscrúdúcháin a bhunú i dtuarascáil faoin gcás a foilsíodh inniu agus tá sé tugtha le fios ag an Aire Sláinte Jennifer Carroll McNeill go bhfuil an Roinn Sláinte ag réiteach théarmaí tagartha an fhiosrúcháin cheana féin.
Dúirt údar na tuarascála, an t-abhcóide sinsearach Lorcan Staines, nach raibh go leor íospartach ar labhair sé leo ag súil le toradh dearfach ar a chuid oibre.
As an 400 íospartach a cheaptar atá ann, labhair Lorcan Staines le 75 díobh.
Thug sé le fios go raibh díobháil bhuan déanta ag Michael Shine don 75 sin, díobháil an-tromchúiseach i roinnt cásanna.
Dúirt Lorcan Staines gur chreid na fir, an t-am a labhair sé leo, nach ndéanfadh an Stát dada mórán ar a son, go háirithe ó loic an Stát orthu roinnt uaireanta cheana.
Mar sin féin, dúirt urlabhraí na bhfear inniu go bhfuil siad an-sásta go gcreidtear iad anois agus go bhfuiltear ag éisteacht leo ar deireadh.
Údar faoisimh dóibh, a dúirt an t-urlabhraí, tuarascáil oifigiúil faoinar bhain dóibh a bheith foilsithe agus a bheith curtha ar an taifead.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


