Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cosc iomlán ar bheárbaiciúnna aon uaire á éileamh

16 JULY 2026, 17:21

Moladh an Rialtais maidir le beárbaiciúnna aon uaire cáinte ag Daonlathaithe Sóisialta
Twitter Facebook

Tá na Daonlathaithe Sóisialta ag iarraidh ar an Rialtas cosc iomlán a chur ar bheárbaiciúnna aon uaire a dhíol le linn an teasa mhóir ina áit moladh do shiopaí gan iad a dhíol.

Thug urlabhraí ón Rialtas le fios inné go seolfaí comhfhreagras chuig siopaí ar fud na tíre ag moladh dóibh gan beárbaiciúnna aon uaire a dhíol fad is atá an foláireamh flannbhuí falscaí i bhfeidhm.

Tá deireadh le teacht leis an bhfoláireamh sin ag meán lae amárach ach d'fhéadfaí síneadh a chur leis.

Dúirt urlabhraí comhshaoil na nDaonlathaithe Sóisialta Jennifer Whitmore, áfach, nach leor an moladh atá beartaithe ag an Rialtas mar nach bhfuil cumhacht ná údarás dlíthiúil ann agus lánchead ag daoine neamhaird a thabhairt air.

Is cosc dlíthiúil iomlán a theastaíonn, arae tá an comhshaol, an fiadhúlra agus sábháilteacht daoine i dtreis, arsa sí.

Ceaptar go raibh lámh ag an duine san fhalscaí a bhí i bPáirc Náisiúnta Chill Airne i gCo Chiarraí arú inné agus go mb'fhéidir gur beárbaiciú aon uaire nár múchadh ba chúis leis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ