Tá fear 28 bliain d'aois le tabhairt os comhair cúirte in Westminster i Londain amárach tar éis do na póilíní thall é a chúiseamh i ndúnmharú an iarfheisire parlaiminte Ann Widdecombe níos luaithe an mhí seo.
Fuarthas corp Ann Widdecombe ina teach cónaithe in Dartmoor in iardheisceart Shasana ar an 9 Iúil.
Deir na póilíní gur ionsaíodh í go brúidiúil.
Is é Joshua Kerry as Rotherham in Yorkshire an té atá cúisithe ina dúnmharú.
78 bliain d'aois a bhí Ann Widdecombe, Aire Rialtais tráth.
Ball den Pháirtí Caomhach ab ea í an chuid is mó dá saol ach d'fhág sí an páirtí sin seacht mbliana ó shin le dul i bpáirt leis an Brexit Party/Reform UK.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


